Paidir Laethúil Idirmheánach (#13842)

*LE HAITHRIS GO LAETHÚIL, AR MAIDIN, UM NÓIN AGUS SAN IARNÓIN
*Cibé duine ar mian leis urnaí a rá níodh sé a lámha agus le linn dó a bheith á ní abraíodh sé:
Neartaigh mo lámh, a Dhia, le go bhfaighidh sí greim ar do Leabhar chomh diongbháilte sin nach mbeidh cumhacht ar bith ag na sluaite talmhaí uirthi. Déan í a chosaint, mar sin, ar chur isteach ar ní ar bith nach mbaineann léi. Is tú, go deimhin, an Neartmhar, an Ró-Chumhachtach.
Agus le linn dó a aghaidh a ní abraíodh sé:
Táim tar éis m’aghaidh a thiontú chugatsa, a Thiarna! Déan lonrach í le solas do ghnúise. Coimeád í, mar sin, ar thiontú i dtreo éinne ach tú.
Seasadh sé leis sin agus é ag tabhairt aghaidh ar an Qiblih (Pointe Adhartha .i. Bahjí, ‘Akká) abraíodh sé:
Tugann Dia fianaise nach bhfuil Dia ar bith eile ann ach é. Is leis ríochtaí an Taispeánta agus na cruthaitheachta. Is é, le fírinne, a rinne taispeánadh ar an Té arb é Réalt Maidine an Taispeánta, a rinne comhrá ar Chnoc Síonaí, ar tríd a cuireadh dealradh sa Bhun Spéire Ceannasach agus a labhair an Crann Loiteoige nach bhfuil aon dul thairis air, agus ar tríd a fógraíodh an ghairm dá bhfuil ar neamh agus ar talamh: ‘Féach! tá an tUile-Shealbhach tar éis teacht. Is le Dia talamh agus neamh, glóir agus tiarnas: is é Tiarna an uile dhuine é, Sealbhóir na Ríchathaoireach sna harda agus na talún thíos!’
*Cromadh sé leis sin agus, na lámha ligthe ar a ghlúine aige, abraíodh:
Is ardaithe atá tú os cionn moladh uaimse agus os cionn moladh ó éinne eile seachas mé, os cionn mo thuairisce agus tuairisc gach a bhfuil ar neamh agus gach a bhfuil ar talamh!
Leis sin, agus é ina sheasamh agus a bhosa tiontaithe in airde lena aghaidh aige, abraíodh sé:
Ná baintear, a Thiarna, a dhúil den té seo a choinnigh greim le méara na hachaine d’fháithim do thrócaire agus do ghrásta, a Dhia ar tú is trócairí díobh siúd a dhéanann trócaire.
 
*Suíodh sé leis sin agus abraíodh:
Tugaim fianaise do d’aontacht agus do d’aonacht, agus gur tú Dia agus nach bhfuil Dia ar bith eile ann ach tú. Tá tú, go deimhin, tar éis do Chúis a thaispeánadh, do Chúnant a chur i gcrích, agus d’fhág tú ar leathanoscailt doras an ghrásta don uile dhuine a mhaireann ar neamh agus ar talamh. Beannacht agus síocháin, beannú agus glóir go raibh ar lucht d’ansachta, nár thug claochlú ná síorathrú an tsaoil seo orthu casadh ar leataobh uait, dream  a thug uathu gach a raibh acu le dúil is go mbainfeadh amach an méid atá i do sheilbhse. Is tú, le fírinne, an Síor-Mhaiteach, an tUile-Bhronntach.
*(Más é is mian le duine in áit an véarsa fhada na briathra seo a leanas a aithris ba leor é: ‘Tugann Dia fianaise nach bhfuil Dia ar bith eile ann ach é, an Cúntóir i mbaol, an Féin-Chothaitheach’. Agus, sa tslí chéanna, ba leor é dá ndéanfadh sé rogha ar na briathra seo a aithris le linn dó a bheith ina shuí: ‘Tugaim fianaise do d’aontacht agus do d’aonacht, gur tú Dia agus nach bhfuil Dia ar bith eile ann ach tú’.)

-Bahá'u'lláh
-----------------------

